Pleanáil

An Plean Teanga

Tugadh bonn reachtúil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht in Acht na Gaeltachta 2012. Sonraítear san Acht go mbronnfar stádas Gaeltachta ar chúinsí teangeolaíochta seachas ar chúinsí tíreolaíochta. Leagadh síos coinníollacha ins an Acht seo d’achan cheantar Gaeltachta plean teanga a réiteach ‘arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála (Rialtas na hÉireann, 2012: 13). Mura ndéantar amhlaidh, agus mura nglacfar leis, d’fhéadfadh an tAire ‘a dhearbhú le hordú nach limistéar Gaeltachta a thuilleadh an limistéar lena mbaineann.’ Tá 26 Limistéir Pleanála Teanga (LPT) ann le coistí stiúrtha agus Oifigigh Pleanála Teanga (OPT) iontu leis na pleananna teanga a chur i gcríoch.

Tuaisceart Dhún na nGall
LPT

Tuaisceart Dhún na nGall

Ár dTeanga, Ár nOidhreacht