Fúinn

Fís an Choiste

Is í an fhís atá ag Coiste Stiúrtha LPT Tuaisceart Dhún na nGall, trí bheith ag obair go dlúth le pobal an LPT, agus go háirithe leis an aos óg;

  • go n-ardófar líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge sa LPT 2-3% le linn saolré an Phlean Teanga seo
  • go mbeidh an Ghaeilge níos láidre mar theanga pobail sa LPT
  • go mbeidh pobal an LPT ar fad níos coinsiasaí faoina roghanna teanga sa bhaile agus sa chomharsanacht d’fhonn níos mó deiseanna a thapú an Ghaeilge a úsáid sna réimsí ar fad atá ar fáil i LPT Tuaisceart Dhún na nGall

Coiste Stiúrtha LPT Tuaisceart Dhún na nGall

Roghnaíodh Céim Aniar CTR mar cheanneagraíocht Limistéar Pleanála Teanga Tuaisceart Dhún na nGall i Samhain 2015. Is eagraíocht phobail í Céim Aniar CTR a bunaíodh sa bhliain 2001 leis an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn i Ros Goill. Tá an-mhórán bainte amach ag an eagraíocht in imeachtaí teangabhunaithe don óige agus do dhaoine fásta. Tá tuilleadh eolais faoi Chéim Aniar agus faoi na grúpaí pobail ar fad atá páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge sa LPT le fáil i Mír a 4.7: Tacaíochtaí Gaeilge sa LPT den Phlean Teanga.

Tuigeadh ón tús go raibh ceantar iontach fairsing i gceist le LPT Tuaisceart Dhún na nGall, agus go raibh gá thar na bearta dá bharr le comhoibriú i measc na ngrúpaí pobail agus i measc na ngníomhairí teanga éagsúla ins na ceantracha ar fad a chuimsíonn LPT Tuaisceart Dhún na nGall. Chomh maith le baill reatha Chéim Aniar, cuimsíonn an Coiste Stiúrtha baill de ghrúpaí poiblí eile an cheantair, lena n-áirítear: Gaeltacht Bheo Fhánada, Pleanáil Teanga an Tearmainn, Coiste Gaelach Ghleann Domhain agus Coiste Forbartha Ghleann Bhairr. Chomh maith leis na grúpaí seo, tá baint mhór ag baill an Choiste Stiúrtha le heagraíochtaí pobail an cheantair, institiúidí oideachais an cheantair, cumainn spóirt an cheantair, gnónna an cheantair agus go leor eile nach iad.

Tuaisceart Dhún na nGall
LPT

Tuaisceart Dhún na nGall

Ár dTeanga, Ár nOidhreacht